Comhoibriú idirnáisiúnta

Oibrímid i gcomhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus leis na húdaráis mhaoirseachta de chuid tíortha lasmuigh den AE, agus é mar aidhm againn tacú le forghníomhú éifeachtach an dlí agus dea-chleachtais a chomhroinnt.

Déanaimid é sin trí obair a chur i gcrích de réir roinnt creataí idirnáisiúnta, agus sinn ag obair i gcáil an EDPB nó trínár gcomhaltaí aonair. Cuirimid cláir chomhoiliúna agus malartuithe pearsanra chun cinn freisin.

Creataí comhair idirnáisiúnta

Seo a leanas liosta neamh-uileghabhálach de na Creataí comhair idirnáisiúnta atá ag obair ar ábhair phríobháideachta agus ar ábhair chosanta sonraí.

  • Comhairle na hEorpa – institiúid idirnáisiúnta a chuireann cearta an duine, cosaint sonraí san áireamh, chun cinn. Tá Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Daoine Aonair a Chosaint i dtaca le Próiseáil Uathoibríoch Sonraí Pearsanta (Coinbhinsiún 108) ar oscailt chun aontachais ag tíortha laistigh den Eoraip agus lasmuigh di araon
  • An Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (OECD) – eagraíocht idirnáisiúnta a chuireann feabhas ar shaol eacnamaíoch agus sóisialta daoine ar fud an domhain chun cinn. Oibríonn an Mheitheal um Shlándáil agus Príobháideacht sa Gheilleagar Digiteach (SPDE) dá cuid ar bheartais lena gcinntítear go dtacaíonn slándáil dhigiteach agus cosaint príobháideachta leis an ngeilleagar digiteach a fhorbairt
  • Comhdháil Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Cosanta Sonraí agus Príobháideachta (ICDPPC) – comhdháil dhomhanda
  • Comhdháil Earraigh na nÚdarás Eorpach Cosanta Sonraí
  • An Líonra Domhanda um Fhorghníomhú Príobháideachta (GPEN) - líonra údarás forghníomhaithe príobháideachta
  • Grúpa Bheirlín - Meitheal Idirnáisiúnta um Chosaint Sonraí sa Teileachumarsáid
  • Cumann Fraincise na nÚdarás Cosanta Sonraí Pearsanta (AFAPDP);
  • Údaráis Chosanta Sonraí Lár agus Oirthear na hEorpa (CEEDPA);
  • Fóram Príobháideachta an Aigéin Chiúin agus na hÁise (APPA) - líonra údarás príobháideachta na hÁise
  • Comhar Eacnamaíochta an Aigéin Chiúin agus na hÁise (APEC)
  • Common Thread Network (CTN)
  • An líonra Ibéir-Mheiriceánach um chosaint sonraí (RIPD)